Plandaí Dé-eiciacha

Bíonn dhá chineál planda ag speiceas dé-éiciach, planda baineann agus ceann fireann. Le gur féidir leo iomadú, táirgíonn bláthanna ón bplanda fireann pailin, a aistrítear chuig an mbláth baineann a bhíonn ar an bplanda baineann. Forbraíonn an planda baineann torthaí agus síolta. I gcás plandaí moinéicieacha, bíonn bláthanna fireanna agus bláthanna baineanna ar an bplanda céanna (nó coda baineanna agus coda fireanna ar an mbláth céanna).

Ní féidir le féin-phailniú tarlú i gcás plandaí dé-éicieacha, mar a tharlaíonn i gcrainn mhoinéiciacha. Go deimhin, le go dtarlóidh pailniú ar chor ar bith, caithfear crann baineann agus crann fireann a bheith sách gar dá chéile le go n-aistreoidh an phailin idir an dá chrann.

Tá an cuileann (Ilex aquifolium), saileacha (Salix spp.) agus poibleoga (Populus spp.) i measc na gcrann dé-éiciacha atá dúchasach in Éirinn. Tá an catluibh (Antennaria dioica), an neantóg (Urtica dioica) agus plúr na gréine (Petasites pyrenaicus) i measc na bplandaí luibheacha dé-éiciacha atá dúchasach in Éirinn.