Driseacha (Rubus)

Tá roinnt plandaí ón ngéineas Rubus ag fás go fiáin in Éirinn. Táthar ag tabhairt driseacha mar chnuasainm orthu anseo, cé go n-úsáidtear dris (nó driseog) freisin don phlanda Rubus fruticosus. Tá an dris choitianta seo, ar a bhfásann na sméara dubha, ar cheann de na plandaí is fairsinge in Éirinn—níl aon chuid den oileán nach bhfuil sí le feiceáil ann. Is ilbhliantóg adhmadach í le gais a mhaireann ar feadh dhá bhliain, go hiondúil.

Fásann na gais aníos ó rútaí faoi thalamh. Bláthaíonn siad sa dara bliain agus tagann sméara dubha inite orthu sa bhfómhar. Críonann siad siar sa ngeimhreadh sin, cé go bhfanann siad beo os cionn na talún ar feadh roinnt blianta eile in aeráid fheiliúnach.

Is ilbhliantóg adhmadach eile í an eithreog (Rubus caesius). Tá cosúlachtaí idir an eithreog agus an dris. Maireann gais na heithreoige ar feadh dhá bhliain ach cuireann na fréamhacha gais nua aníos gach bliain. Níl siad chomh fada ná chomh righin le gais na drise. Tagann bláthanna bána uirthi sa samhradh, agus ina dhiaidh sin na torthaí. Is sméara iad na torthaí, cosúil leis an dris, cé nach mbíonn an oiread sin drúipíní (codanna na sméire) ar sméara na heithreoige. Níl an eithreog chomh fairsing sin in Éirinn—fásann sí ar chréafóg alcaileach, den chuid is mó.

Bíonn torthaí inite ar an sú craobh (Rubus idaeus) agus ar shú na mban mín (Rubus saxatilis), dhá dhris eile a fhásann go fiáin in Éirinn.