Saileacháin (Epilobium)

Glaoitear saileacháin ar na plandaí atá sa ngéineas Epilobium. Faigheann siad an t-ainm sin (agus an t-ainm Béarla willowherb) mar gheall ar na duilleoga fada lansacha atá cosúil leis na duilleoga a bhíonn ar shaileacha (Salix spp.)

Tá cúig nó sé speiceas dúchasach in Éirinn, agus thart ar an méid céanna atá tagtha isteach sa tír.  Is é an saileachán mór (Epilobium hirsutum) an ceann is coitianta. Scaití cuirtear lus na tine (Chamaenerion angustifolium) sa ngéineas Epilobium, cé go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir é agus na saileacháin eile (tugtar rosebay willowherb air i mBéarla).

Is plandaí caola, ingearacha iad. Bíonn ceithre pheiteal ar na bláthanna agus iondúil gur dath bándearg nó corcra a bhíonn orthu. Forbraíonn siad capsúil mar thoradh – bíonn na síolta clúmhacha istigh iontu, agus imíonn siad sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí.

Fásann na saileacháin i ngnáthóga taise den chuid is mó, ach is plandaí téisclime iad (go háirithe lus na tine) agus scaipeann siad go tréan ar thalamh briste nó ar thalamh atá loiscthe ag tine. Ceaptar go bhfuil na saileacháin níos coitianta in Éirinn ná mar a bhí, b’fhéidir mar gheall ar an athrú úsáide atá ag tarlú do thalamh na tíre (foraoiseachta ach go háirithe).

Cé go bhfuil níos mó saileacháin neamhdhúchasacha tagtha isteach sa tír le blianta beaga anuas, ní léir gur bagairt mhór iad seo do bhithéagsúlacht dhúchasach na tíre.