Fionnchoill (Sorbus)
Níl cnuasainm ar leith do na crainn go léir atá sa ngéineas Sorbus, mar atá ag, mar shampla, Quercus (na daracha) agus Betula (na beitheanna), ach is minic gur fionnchoill a thugtar ar fhormhór acu, seachas an caorthann (Sorbus aucuparia) an crann is coitianta ón ngéineas Sorbus in Éirinn.
Is crainn mheánmhéide, dhuillsilteacha, le bláthanna móra bána agus caora beaga feolmhara, iad na crainn seo go léir. Tá an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica) ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach d’Éirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar Oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois. Tá crainn Sorbus eile ag fás in Éirinn—tá an oiread sin ann toisc go bhfuil plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile.