Copógaí agus Samhadh (Rumex)

Tugtar copogaí ar ceithre nó cúig cinn de speicis chomhchosúla sa ngéineas Rumex. Tá siad sa bhfine chéanna, Polygonaceae, leis na glúineacha. Is plandaí láidre iad atá in ann coinníollacha crua agus gnáthóga míthrócaireacha a sheasamh.

Bíonn socfhréamh láidir, dhomhain ag copógaí agus níl sé éasca iad a tharraingt den talamh.Bíonn duilleoga móra acu, le himill chorracha. Fásann panacail arda dhlútha de bhláthanna beaga bídeacha glasa nó dearga. Forbraíonn na bláthanna síolta beaga sciathánacha a scaiptear sa ngaoth.

Tugtar copógaí sráide mar chnuasainm ar na plandaí seo, cé go mbaineann an t-ainm sin go sonrach le Rumex obtusifolius. Breathnaítear ar chopógaí mar fhiailí, gan maith do thada agus deacair an ruaig a chur orthu.

Ach tá dhá phlanda dúchasach sa ngéineas seo, an samhadh bó (Rumex acetosa) agus an samhadh caora (Rumex acetosella), le duilleoga inite a d’ith muintir na hÉireann riamh. Tá blas citris ar na duilleoga caola, lansacha seo agus úsáidtear fós iad i sailéid agus anraithí.