Eilifleoga (Atriplex)

Is plandaí cósta iad na heilifleoga – plandaí atá sa ngéineas Atriplex – atá in oiriúint do choinníollacha fiáine na gnáthóige sin. Fásann siad ar chóstaí gainimh agus ar mhuireasca. Is halaifítí iad – tá siad in ann go leor uisce le go leor salainn a sheasamh.  Bíonn duilleoga saighead-chruthacha geala (dath an airgid) acu le nach gcaillfidh siad mórán den uisce atá iontu.

Ní bhíonn bláthraí suntasacha ag eilifleoga – is bláthanna beaga glasa gan peitil a bhíonn acu. Pailnítear iad sa ngaoth. Tá beagnach 300 speiceas sa ngéineas Atriplex agus tá ceithre nó cúig speiceas ag fás fiáin in Éirinn. Amhail go leor plandaí nádúrtha eile a fhásann ar chóstaí gainimh, tá ról tábhachtach ag eilifleoga i gcobhsú an ghainimh in aghaidh an chreimthe cósta.

Tugtar praiseacha ar eilifleoga freisin, cé go bhfuil an t-ainm sin in úsáid níos minice do phlandaí sa ngéineas Brassica.