Peasairí (Vicia)

Baineann peasairí leis an ngéineas Vicia agus fásann ceithre speiceas fhiáine in Éirinn. Baineann siad leis an bhfine Fabaceae, an fhine chéanna ina bhfuil léagúim amhail piseanna agus pónairí, chomh maith le plandaí coitianta dúchasacha, an t-aiteann (Ulex spp.) agus na seamra (Trifolium spp.) ina measc.

Bíonn cruth an bhlátha uile comónta dóibh agus fásann torthaí na bplandaí seo taobh istigh d’fhaighneoga. Bíonn teannóga ar na duilleoga cleiteacha. Is iad na teannóga a choinníonn greim ar dhriseacha, féar agus raithneach agus iad á dtarraingt féin suas i dtreo sholas na gréine. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an bplanda fás gan gas láidir tiubh agus sábhálann sé ar chothaithigh agus fuinneamh dá bharr.

Tagann vicia ón Laidin vincire, a chiallaíonn ‘ceangal’ nó ‘casadh timpeall’, tagairt do nádúr na dteannóg.