Fearbáin (Ranunculus)
Tá cáil ar cham an ime mar cheann de na bláthanna fiáine is coitianta sa tír agus is minic a luaitear an planda seo le bláthanna coitianta eile amhail an nóinín agus an caisearbhán. Ach tá roinnt speiceas difriúil ann a nglaoitear cam an ime, nó fearbáin, orthu.
Tá bláth an fhearbáin Reatha (Ranunculus repens), an planda is mó ar a dtugtar cam an ime, ar cheann de na bláthanna fiáine is coitianta atá le feiceáil i ngarrantaí Chonamara. Tagraíonn repens do reathairí an phlanda. Cuireann siad síos rúta le plandaí nua a chruthú gach uair a dhéanann siad teagmháil leis an talamh. Is iondúil mar sin go bhfeictear triopall mór plandaí den speiceas seo le chéile. Is i ngnáthóga taise féaraigh is mó a fheictear an fearbán reatha ag fás.
Is furasta an fearbán féir (Ranunculus acris) a aithint ó chruth na nduilleog. Bíonn na lóbaí gearrtha go domhain —beagnach go lár na duilleoige — agus bíonn na himill fiaclach. Bíonn trí lóba ag gach duillín. Bíonn na bláthanna beagáinín níos lú ná bláthanna an fhearbáin reatha agus bíonn siad ar ghas mín (bíonn gas blátha eitreach ag an bhfearbán reatha). Is ilbhliantóg ard (os cionn 75 cm) í seo a fheictear i ngnáthóga atá tais, ach níos tirime ná na bogáin ina bhfeictear an fearbán reatha.
Tá na plandaí seo, agus níos mó nach iad, lena gcuid bláthanna beaga buí, go léir sa ngéineas Ranunculus, a chiallaíonn ‘frog beag’. Is dócha gur tagairt é seo do na gnáthóga fliucha ina bhfaightear na plandaí.
Tá nimh i ngach speiceas de cham an ime agus seachnaíonn ainmhithe iad. Níl an drochcháil chéanna orthu agus atá ar phlandaí nimhneacha amhail an buachalán buí mar go gcailleann nimh cham an ime a neart go gairid tar éis an planda a bhaint — ní hamhlaidh don bhuachalán é.