Glúineacha (Persicaria)
Tugtar glúineacha ar go leor plandaí ón bhfine Polygonaceae mar go bhfuil ailt sna gais (tá siad cosúil le glúin). Bíonn na duilleoga lansacha nó ubhacha ag fás ar go hailteárnach ar an ngas. Bíonn spící dlútha de bhláthanna beaga dearga, bándearga nó bána acu. Ní bhíonn peitil ar na bláthanna, ach seipil dhaite.
Is iondúil go bhfásann glúineacha ar thalamh tais nó fliuch, go minic in aice le foinse uisce. Is plandaí téisclime iad freisin, agus is minic go mbíonn talamh briste clúdaithe go sciobtha le glúineacha. Chuige sin, breathnaítear go minic orthu mar fhiailí. Tá glúineach amháin, an ghlúineach bhiorach (Reynoutria japonica), ar cheann de na plandaí ionracha is díobhálaí in Éirinn.
Ní thugtar glúineacha ar gach planda sa bhfine Polygonaceae. Is sa gclann seo freisin atá na copógaí (Rumex spp.).