Cíbeanna (Carex)
Is cíbeanna iad gach planda sa ngéineas Carex, ach tugtar cíbeanna freisin ar na plandaí go léir atá sa bhfine Cyperaceae. Faightear cíbeanna i raon leathan gnáthóg, cé gur iondúil gur i dtalamh fliuch nó ar thalamh bocht a fhásann siad in Éirinn. Breathnaíonn cíbeanna cosúil le féir agus luachair, ach is minic go mbíonn imill ghéara (bíonn siad trí-thaobhach) ar ghais chíbeanna. Ní phailníonn feithidí na bláthanna (déanann an ghaoth an jab sin) agus mar sin ní bhíonn dathanna geala orthu chun feithidí a mhealladh.
Cabhraíonn cíbeanna leis an timpeallacht i go leor bealaí. Cobhsaíonn siad cóstaí agus bruacha agus stopann siad creimeadh creafóige. Is gnáthóga tábhachtacha d’ainmhithe iad freisin, go háirithe éanacha. Cuirtear i ngairdíní go minic iad mar phlandaí ornáideacha chun struchtúr a thabhairt.