Éalaithigh Ghairdín
Tugtar éalaithigh ghairdín ar phlandaí neamhdhúchasacha ornáideacha a chuirtear ar dtús i ngairdíní ach ansin a scaipeann amach uathu. Cé nach bhfuil dochar i ngach éalaitheach gairdín, tá cuid de na plandaí is díobhálaí in Éirinn ina measc.
Éiríonn le éalaithigh ghairdín ionracha sa bhfiántas mar nach mbíonn creachadóirí nádúrtha ná galracha marfacha ina dtimpeallacht, mar a bhíonn sna réigiúin dhúchasacha as a dtáinig siad ó thús. Chuige sin, faigheann siad an lámh in uachtar ar phlandaí dúchasacha agus iad in iomaíocht leo. De réir mar a fhásann siad ó smacht, scriosann siad gnáthóga nádúrtha, agus cuireann siad eiceachórais áitiúla ó mhaith.
I measc cuid de na héalaithigh ghairdín is mór a dhéanann dochar do phlandaí dúchasacha na hÉireann tá lus na pléisce (Impatiens glandulifera), an glaschreamh (Allium triquetrum), an seileastram dearg (Crocosmia x crocosmiiflora). Ní gá gur plandaí iad éalaithigh ghairdín a tháinig go hÉirinn le deireanaí – tá leitheidí an ghlúineach bhiorach (Reynoutria japonica) agus an róslabhras (Rhododendron ponticum) anseo ón 19ú haois.
Cé go bhfuil costas agus anró i gceist le héalaithigh ghairdín ionracha mar seo a choinneáil faoi smacht, is fiú an obair a dhéanamh. Dá mhéid cineálacha difriúla plandaí atá ag maireachtáil taobh le chéile is ea is mó ainmhithe, léicin, agus fungais a bhíonn ag brath orthu. Mar gur ón éiceachóras folláin seo a fhaigheann muid uisce glan, bia folláin, agus drugaí agus leigheasanna cumhachtacha, téann bithéagsúlacht shaibhir chun sochair na sochaí chomh maith leis na timpeallachta.