Saileacha (Salix)
Tugtar saileacha (nó sail agus saileog freisin) ar na sceacha agus na crainn dhuillsilteacha atá sa ngéineas Salix. Tá cumaí an-éagsúla ar saileacha difriúla—tá an tsaileach bhán (Salix alba) in ann 30 m ar airde a bhaint amach, is sceacha móra iad na saileacha rua agus liatha (Salix cinerea), agus is planda sínte í an tsaileach ghaelach (Salix phylicifolia).
Ina iomláine, tá thart ar 20 speiceas nó hibrid de shaileach ag fás in Éirinn—tá cuid acu dúchasach, tá cuid acu nádúraithe, agus tá cuid eile curtha. Tá sé deacair an méid iomlán a mheas mar go hibridíonn siad lena chéile. Hibridíonn na hibridí lena chéile freisin, mar gur minic a mbíonn na hibridí torthúil. Is deacair na cineálacha saileach seo go léir a aithint óna chéile, mar go mbíonn na hibridí cosúil leis na tuismitheoirí.
Maidir leis na saileacha go léir atá in Éirinn, ceaptar go bhfuil seacht gcinn acu seo dúchasach—Salix cinerea, Salix pentandra, Salix purpurea, Salix caprea, Salix aurita, Salix repens, agus Salix phylicifolia. Is aircéifítí, plandaí a thug daoine isteach ach atá in Éirinn le fada, nó plandaí núíosacha, plandaí a tugadh isteach tar éis 1500 AD, an chuid eile acu.
Is caitíní iad na bláthanna, agus osclaíonn siad go luath sa mbliain. Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an tsaileach—tá sé bog, éadrom, agus solúbtha—tá sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad ó chrann a bhí chomh flúirseach.