Lusanna Cré (Veronica)

Tugtar lusanna cré ar phlandaí sa ngéineas Veronica. Is plandaí beaga ísle iad go léir, le bláthanna gorma nó líológa orthu. Tá timpeall 16 speiceas le fáil go fiáin in Éirinn agus tá 9 gcinn nó mar sin acu dúchasach.

Níl mórán de dhifríocht idir na speicis éagsúla seo, ach tá ar a laghad tréith shainiúil amháin ag gach speiceas atá uathúil don phlanda sin, agus má bhreathnaítear go cúramach orthu níor chóir go mbeadh sé ró-dheacair iad a aithint óna chéile.

Fásann lusanna cré go flúirseach ar thaobh an bhóthair i gcaitheamh an tsamhraidh. Bhaintí úsáid astu, iad fiuchta i mbainne nó in uisce, mar leigheas do bhreoiteachtaí éagsúla, buíochán agus an triuch ina measc.