Fóthnáin (Cirsium)

Tugtar fóthnáin ar phlandaí dúchasacha sa ngéineas Cirsium, a bhfuil ceithre speiceas le fáil go coitianta in Éirinn. Tá an t-ainm feochadán in úsáid do na plandaí deilgneacha seo freisin. Is gnách go mbíonn na bláthanna bándearg, corcra, líológ, nó bán. Scaipeann siad le síolta agus lena gcuid riosóim. Tá tom ribí gruaige (papas) ag gach síol agus scaiptear go forleathan iad nuair a bheireann an ghaoth greim orthu. Breathnaítear ar fhóthnáin mar fhiailí toisc go mbíonn drochthionchar acu ar tháirgiúlacht talmhaíochta.

Dúirt Bríd Ní Fhloinn (Cill Choirín, Co. na Gaillimhe) i mBailiúchán na Scol faoin bhfóthnán: “Clúdaíonn sé an talamh. Ní itheann na caoirigh nó na beithígh é. Itheann an t-asal é. Ní thaitníonn an luibh seo le m’athair mar níonn sé an talamh an-bhocht.” Ach tá fóthnáin tábhachtach do phailneoirí agus is foinse bheatha iad neachtar agus síolta na mbláthanna d’fheithidí agus d’éanacha. Is ainm eile é an gealbhán fóthanáin don lasair choille, éan a bhíonn ag triall ar shíolta na bplandaí seo.