Buaircíneacha

Is sceacha nó crainn iad buaircíneacha a úsáideann cóin in áit bláthanna chun atáirgeadh (tugtar buaircín ar thoradh an phlanda). Tá buaircíneacha níos sine ná plandaí le bláthanna – tháinig siad ar an domhan timpeall 300m bliain ó shin, i gcomparáid le plandaí le bláthanna a thosaigh ag fás thart ar 150m bliain ó shin.

Tá formhór de bhuaircíneacha na hÉireann i dtrí fhine – Pinaceae, Taxaceae agus Cupressaceae. Tá cuid de na crainn is líonmhaire in Éirinn sa bhfine Pinaceae — na sprúis (Picea spp.) agus na crainn phéine (Pinus spp.). Is é an péine Albanach (Pinus sylvestris) an t-aon chrann ón bhfine seo atá dúchasach in Éirinn, cé nach bhfuil mórán de na crainn phéine Éireannacha seo fós ann. Tugadh isteach stoc péine ón Albain nuair a gearradh na crainn phéine Éireannacha. Is crainn thábhachtacha iad an péine contórtach (Pinus contorta) agus an sprús Sitceach (Picea sitchensis) in earnáil foraoiseachta na hÉireann.

Is buaircíneach dúchasach eile é an t-iúr (Taxus baccata), crann atá sa bhfine Taxaceae. Is ó nimh na n-iúr a rinneadh paclitaxel, druga tábhachtach ceimiteiripe. Bhí an oiread éilimh ar an druga seo gur bheag nár díothaíodh an t-iúr Síneach (Taxus chinensis).

Is buaircíneacha iad na plandaí sa bhfine Cupressaceae freisin—crainn shíorghlasa a mbíonn spíonlacha gainneacha mar dhuilleoga orthu. Is é an t-aiteal (Juniperus communis) an t-aon phlanda ón bhfine seo atá dúchasach in Éirinn, ach tá go leor speiceas eile curtha anseo mar chrainn ornáideacha, i bhfálta sceach, nó i bhfáschoillte. Is sa bhfine seo atá na cufróga—cufróg Leyland, nó an leylandii, mar is fearr aithne uirthi, san áireamh. Is sa bhfine seo atá an chrónghiúis (Sequoia sempervirens) agus an mhórghiúis dhúdach (Sequoiadendron giganteum), na crainn is mó ar domhan.

Ní hionann na duilleoga a bhíonn ar bhuaircíneacha agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn le bláthanna. Bíonn spíonlaigh géara ar chrainn phéine agus ar sprúis. Is fear i bhfad na duilleoga seo chun coinníollacha fuara nó tirime a sheasamh. Bíonn duilleoga gainneacha, brúite in aghaidh na géige, ag cufróga agus céadair.