Plandaí Hibridreacha

Má bhíonn gaol sách gar ag dhá speiceas planda lena chéile, is féidir leo iomadú lena chéile. Tugtar hibridiú ar an bpróiseas seo agus is hibrid a bhíonn sa bplanda a eascraíonn uaidh. Tugann hibridí leid dúinn céard atá ag fás thart timpeall orainn. Is hibrid é an baisleach bréige (Primula x polyantha) idir an bainne bó bleachtáin (Primula vulgaris) agus na crúibíní cait (Primula veris) – má fheictear an planda seo i ngarraí, bí cinnte go bhfuil an dá phlanda eile in aice láimhe.

Ar chúiseanna géiniteacha, tá speicis ó ghéinis ar leith a mbíonn ag hibridiú go minic. Ina measc tá Dactylorhiza, géineas de mhagairlíní dúchasacha. Mar go mbíonn na hibridí an-chosúil leis an dá thuismitheoir, bíonn sé deacair magairlíní sa ngéineas seo a aithint go cruinn.

Hibridíonn saileacha (crainn agus sceacha sa ngéineas Salix) le chéile go minic. Hibridíonn na hibridí lena chéile freisin, mar gur minic a mbíonn na hibridí torthúil. Is deacair na cineálacha saileach seo go léir a aithint óna chéile, mar go mbíonn na hibridí cosúil leis na tuismitheoirí. Go dtí le gairid, aithníodh an tsaileach bhriosc (Salix x fragilis) mar speiceas inti féin. Ach tuigtear anois gur hibrid í idir an tsaileach bhán (Salix alba) agus Salix euxina, crann as an Tuirc agus na sléibhte Chugais.

Tá hibridí ar leith in ann dochar a dhéanamh d‘éiceachórais na tíre. Tá na coinnle cora dúchasacha (Hyacinthoides non-scripta), a fhásann i gcoillte na tíre agus a thagann faoi bhláth san earrach, faoi bhagairt ag na coinnle cora Spáinneacha (Hyacinthoides hispanica), a fhásann níos tapúla agus a scaipeann níos tréine. Hibridíonn an dá phlanda lena chéile – tugtar na coinnle corra hibrideacha (Hyacinthoides x massartiana) orthu. Tá baol ann go rachaidh na coinnle cora dúchasacha in éag má choinníonn na hibridí seo ag scaipeadh gan bhac. Amhail plandaí ionracha eile, is minic gur mó an tóir a bhíonn ar na coinnle cora Spáinneacha i measc gharraíodóirí seachas na coinnle cora dúchasacha mar gheall ar na bláthanna móra feiceálacha atá ag an bplanda neamhdhúchasach seo.