Cíbeanna
Tugtar cíbeanna ar na plandaí atá sa bhfine Cyperaceae, cé go bhfuil formhór de na speicis seo i ngéineas amháin, Carex. Faightear cíbeanna i raon leathan gnáthóg, ach is iondúil gur ar thalamh fliuch nó ar thalamh bocht a fhásann siad in Éirinn. Breathnaíonn cíbeanna cosúil le féir agus luachair, ach amháin gur minic go mbíonn imill ghéara (bíonn siad trí-thaobhach) ar ghais chíbeanna. Mar nach bpailníonn feithidí na bláthanna (scaiptear pailin sa ngaoth) ní bhíonn dathanna geala ar chíbeanna chun feithidí a mhealladh.
Níl gach cíb sa ngéineas Carex. Cé go dtugtar bogshifíní (Schoenoplectus spp, bulrush i mBéarla) ar chuid de na plandaí sa bhfine Cyperaceae a bhreathnaíonn níos cosúla le luachair ná le cíbeanna, is fíor-chíbeanna iad. Is cíbeanna freisin iad na ceannbháin (Eriophorum spp.), plandaí atá fairsing ar phortaigh an iarthair, agus an sifín (Schoenus nigricans), planda eile atá forleathan ar an bportach. Bhaintí an-úsáid as cíb eile, an sábhsheisc (Cladium mariscus), mar ábhar tógála (in ionad tuí) fadó.
Cabhraíonn cíbeanna leis an timpeallacht i go leor bealaí. Cobhsaíonn siad cóstaí agus bruachanna agus stopann siad creimeadh creafóige. Is gnáthóga tábhachtacha d’ainmhithe iad freisin, go háirithe d’éanacha. Cuirtear go minic i ngairdíní mar phlandaí ornáideacha iad chun struchtúr a thabhairt.