Coireáin (Silene)

Tugtar coireáin ar na plandaí sa ngéineas Silene (campions i mBéarla) sa bhfine Caryophyllaceae. Tá cúig choireán as an 700 nó mar sin atá sa ngéineas dúchasach in Éirinn. Fásann coireáin ar thalamh féaraigh, ar chóstaí agus i gcoillte. Is ilbhliantóga iad formhór acu, agus is planda dé-éiciach é an coireán coilleach (Silene dioica) – bíonn plandaí fireanna agus plandaí baineanna ann.

Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna, agus is minic go mbíonn scoilt nó maothán sna peitil. Is furasta na coireáin a aithint mar go bhfuil cailís ar leith acu – bíonn na seipil greamaithe le chéile chun tiúb dúnta a dhéanamh ar cúl an bhlátha. Is anseo a fhorbraíonn na síolta. Tá an struchtúr seo an-suntasach sa gcoireán mara (Silene uniflora).