Féitheanna

Is féitheacha iad na plandaí sin a dhreapann thar phlandaí eile nó a shraoilleann ar an talamh agus iad ag fás. Mar nach mbíonn ar a gcumas a meáchan fhéin a iompar, úsáideann siad teannóga, fréamhacha aeir, agus gais solúbtha chun tacú leo fás. Tá dhá chineál féith ann – féitheacha adhmadacha agus féitheacha luibheacha.

Tá peasairí (Vicia spp.) agus plandaí cosúil leis an ainleog (Convolvulus arvensis) agus an t-ialus fáil (Calystegia sepium) i measc na bhféitheacha luibheacha. Cé go bhfásann siad seo go bríomhar le linn an earraigh agus an tsamhraidh, críonann siad siar arís sa ngeimhreadh, cosúil le ilbhliantóga luibheacha eile.

I measc na bhféitheacha adhmadacha dúchasacha is coitianta in Éirinn tá an t-eibheann (Hedera hibernica) agus an fhéithleog (Lonicera periclymenum). Fásann an t-eibheann go hard ar chrainn agus ar fhoirgnimh, ach scaipeann sé sínte ar thalamh na coille freisin. Is minic an fhéithleog a fheiceáil ag fás ar chlaíocha faoin tuath. Tacaíonn féitheacha dúchasacha le héanacha go háirithe – íosann siad a gcuid torthaí agus déanann siad neadracha ina gcuid duilliúr.

Ach tá féitheacha neamhdhúchasacha ionracha in Éirinn freisin, an gabhrán (Clematis vitalba) ar an gceann is coitianta. Fásann an gabhrán in ithir alcaileach, agus plúchann a dhuilliúr dlúth plandaí eile.