Cainchíní (Cotoneaster)
Ní cainchín (planda sa ngéineas Cotoneaster) ar bith dúchasach in Éirinn – is éalaithigh ghairdín iad. Cuirtear na sceacha duillsilteacha agus síorghlasa seo mar gheall ar na torthaí beaga dearga a thagann orthu sa bhfómhar. Ach is iad na torthaí beaga seo, atá chomh mealltach d’éanacha, a chuireann ar a gcumas scaipeadh go tréan ar fud na hÉireann. Is minic cainchíní a fheiceáil ag fás in áiteanna iargúlta nach raibh áitrimh ariamh ann, ach atá i bhfoisceacht eitilt éin.
Bíonn duilleoga glas dorcha, bláthanna beaga bána (uaireanta bándearga) agus caora beaga dearga nó oráiste ar na cainchíní go léir. Déanann cuid acu sceacha móra arda (crainn bheaga), agus fásann cuid eile sínte ar an talamh.