Créachtlusanna (Stachys)

Tugtar créachtlusanna ar phlandaí sa ngéineas Stachys. Tá dhá phlanda ón ngéineas seo fairsing agus dúchasach in Éirinn, an créachtlus féin, nó an créachtlus fáil (Stachys sylvatica), agus an cabhsadán, nó duilleoga na saor (Stachys palustris). Tá speiceas eile, an lus beatha (Stachys officinalis) dúchasach ach an-annamh, agus tá an cuislín gan duaire (Stachys arvensis) neamhdhúchasach ach ag scaipeadh.

Bíonn gais chearnógacha, duilleoga urchomhaireacha, agus bláthanna corcra nó bándearga ar na plandaí seo. Fásann an cabhsadán i ngnathóga fliucha, agus an créachtlus fáil i gcoillte agus in áiteanna sa scáth ón ngrian.

Tugtar woundworts are na plandaí seo i mBéarla, agus is aistriúchán díreach ar seo é an t-ainm créachtlus. Bhaintí úsáid astu chun cógas a chur ar chréachta, chun fuilliú a stopadh agus chun at a laghdú. Ní fios go baileach an bhfuil bunús eolaíoch leis an úsáid seo.