Feoilsúiteoirí

Tá trí chineál planda feoilsúiteach dúchasach in Éirinn agus ní comhtharlú é go bhfuil siad go léir le fáil ar thalamh portaigh. Ídíonn uisce an phortaigh cothaithigh agus mianraí — nítrigin ach go háirithe — ón gcréafóg. Ní sheasfadh mórán plandaí gnáthóg dá leithéid.

Ach éiríonn le plandaí feoilsúiteacha teacht i dtír ar na deacrachtaí seo agus na cothaithigh atá uathu a fháil ó fheithidí agus ó chreacha eile atá ag maireachtáil go flúirseach ar an bportach.

Tá straitéisí éagsúla acu chun seo a dhéanamh. Baineann drúchtíní móna (Drosera spp.) agus leitheanna uisce (Pinguicula spp.) leas as súlaigh dhíleácha ghreamaitheacha chun na cothaithigh atá uathu a úscadh ó mhíoltóga agus feithidí eile. Éiríonn le plandaí amhail lusanna an bhorraigh (Utricularia spp). na creacha atá uathu a ghabháil i ngaistí sofaisticiúla.