Drúichtíní Móna (Drosera)

Tá trí chineál planda fheoilsúiteacha dhúchasacha in Éirinn agus ní comhtharlú é go bhfuil siad go léir le fáil ar thalamh portaigh. Ídíonn uisce an phortaigh cothaithigh agus mianraí — nítrigin ach go háirithe — ón gcréafóg. Ní sheasfadh mórán plandaí gnáthóg dá leithéid. Ach éiríonn le plandaí feoilsúiteacha teacht i dtír ar na deacrachtaí seo agus na cothaithigh atá uathu a fháil ó fheithidí agus ó chreacha eile atá ag maireachtáil go flúirseach ar an bportach.

Tá straitéisí éagsúla acu chun seo a dhéanamh. Baineann drúchtíní móna (Drosera spp.) agus leitheanna uisce (Pinguicula spp.) leas as súlaigh dhíleácha ghreamaitheacha chun na cothaithigh atá uathu a úscadh ó mhíoltóga agus feithidí eile. Éiríonn le plandaí amhail lusanna an bhorraigh (Utricularia spp.) na creacha atá uathu a ghabháil i ngaistí sofaisticiúla.

Is é an drúchtín móna (Drosera rotundifolia)  an drúchtín is coitianta in Éirinn. Is é Charles Darwin a rinne go leor den staidéar ar an ilbhliantóg seo a chuir lenár dtuiscint faoi phlandaí feoilsúiteacha. Tá cruth spúnóige — beagnach ciorclach — ar bhos na nduilleog as a bhfásann braiteoga, nó ribí gruaige le faireoga orthu. Nuair a théann feithidí i bhfostú sna ribí greamaitheacha seo, dúnann an duilleog isteach uirthi féin le go rachaidh níos mó de ribí na nduilleog i ngreim sa bhfeithid, agus díleánn an planda an chreach leis an sú greamaitheach. Is mar seo a fhaigheann na drúchtíní na cothaithigh a chuireann ar a gcumas fás i gcréafóg bhocht an phortaigh.

Bíonn bláthanna bána air, agus bláthaíonn an planda ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa. Ní cheaptar go bhfuil feithidí tábhachtach do phailniú na bplandaí seo — tá siad féinthorthúil agus déanann siad iomadú orthu féin.

Is í an chailís Mhuire mhór (Drosera anglica) an drúchtín is mó ar an bportach. Tá bos na nduilleog níos faide (4 cm) ná ceachtar den dá speiceas de dhrúchtín eile, agus tá siad ar ghas atá timpeall 12 cm ar fhad. Fásann an bláth beag bán aníos ó lár an róiséid, ar ghas atá dhá oiread níos airde ná na duilleoga. Tá drúchtíní in ann maireachtáil lena gcuid fréamhacha i sfagnam amháin. Tá a laghad cothaitheach sna gnáthóga seo nach bhfuil plandaí eile in ann dul in iomaíocht leis na drúchtíní agus iad sa sfagnam.

Tá an chailís Mhuire (Drosera intermedia)  flúirseach ar phortaigh iarthar na tíre. Tá bos na nduilleog níos caoile (1 cm fada x 0.5 cm trasna) ná ceann an drúchtín móna. Bíonn na duilleoga crochta ceartseasmhach ar ghais atá 1–3 cm ar fhad. Is aníos faoin róiséad a fhásann gas an bhlátha, gas nach bhfuil mórán níos faide ná na duilleoga. Tá duilleoga bána air, agus bláthaíonn an planda ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa. Ní cheaptar go bhfuil feithidí tábhachtach do phailniú na bplandaí seo — tá siad féinthorthúil agus déanann siad iomadú orthu féin.