Mongáin (Sagina)

Tugtar mongáin nó lusanna na bpéarlaí ar phlandaí sa ngéineas Sagina. Is bliantóga nó ilbhliantóga ísle iad. Tá thart ar 25 speiceas sa ngéineas, scaipthe ar fud réigiúin mheasartha sa Leathsféar Thuaidh, agus tá timpeall cúig speiceas dúchasach in Éirinn.

Fásann na mongáin mar mhata íseal de ghais chaola agus de dhuilleoga beaga líneacha. Tagann bláthanna beaga neamhurchóideacha ar an gcuid is mó de na mongáin, cé go mbíonn bláth réasúnta suntasach ar an mongán glúineach (Sagina nodosa).