Plandaí sa ngéineas Brassica

Tagann an focal praiseach ón laidin brassica (a chiallaíonn cabáiste i Laidin) agus is minic go dtugtar praiseacha ar phlandaí atá sa ngéineas Brassica, agus ar roinnt plandaí ó ghéinis eile freisin.

Is airicifítí iad formhór na bpraiseacha in Éirinn, plandaí neamhdhúchasacha atá in Éirinn le fada an lá (mar shampla plandaí a tugadh isteach ag leithéidí na gcéad fheiliméaraí sa gCré-umhaois, agus flóra a thug na Normanaigh go hÉirinn níos deireanaí).

I measc na bpraiseacha atá ag fás fiáin in Éirinn tá an phraiseach dhubh (Brassica nigra), an tornapa fiáin (Brassica rapa) agus an phraiseach bhuí (Sinapis arvensis) – bhí an phraiseach bhuí curtha sa ngéineas Brassica go dtí le déanaí, nuair a thuig luibheolaithe go raibh an géineas Sinapsis níos feiliúnaí don phlanda sin. Is plandaí inite iad seo go léir. Tá an phraiseach thrá (Crambe maritima), planda annamh a fhásann ar chósta na hÉireann, sa bhfine Brassicaceae freisin.