Slochtáin (Sonchus)
Is luibheanna bliantúla, débhliantúla nó ilbhliantúla iad na plandaí seo atá sa ngéineas Sonchus agus ar a dtugtar slóchtáin orthu i gConamara. Tugtar bleachtáin orthu freisin. Baineann siad leis an bhfine Asteraceae, in éineacht le go leor bláthanna fiáine coitianta eile, amhail an nóinín agus an caisearbhán. Tá trí speiceas slóchtáin atá dúchasach in Éirinn agus go leor de na tréithe céanna acu.
Bíonn duilleoga boga, maothánacha ag slóchtáin. Fáisceann íochtar na nduilleog timpeall ar ghas an phlanda. Bíonn deilgní ar na duilleoga, ach ní bhíonn siad chomh géar leis na deilgní atá ar fhóthnáin (Cirsium spp). Déanann na duilleoga cruth róiséid ar an talamh nuair a thosaíonn siad ag fás ar dtús. As seo fásann gas atá idir 30 cm agus 2 m ar airde. Is ó bharr an ghais a fhásann na bláthanna buí. Níl ar na bláthanna ach bláthóga gathacha (bíonn bláthóga dioscacha agus gathacha ar bhláthanna amhail an nóinín).
Úscann slóchtáin sú bán ar a dtugtar laitéis nuair a ghearrtar nó nuair a dhéantar damáiste do chuid ar bith den phlanda. Tá papas ar gach síol, ribí cleiteacha a chabhraíonn leis an bplanda a chuid síolta a scaipeadh go forleathan ar an ngaoth. Ciallaíonn sonchus ‘toll’, ag tagairt don ghas cuasach atá ag an slóchtán.