Seamra (Trifolium)

Is iad na seamra, na plandaí atá sa ngéineas Trifolium, is mó atá i gceist nuair a dhéantar tagairt don tseamróg. De réir an tseanchais, d’úsáid Naomh Pádraig cruth trídhuilleach dhuilleog na seamróige chun an Tríonóid Naofa a léiriú. Tá na seamra sa bhfine, nó clann plandaí, Fabaceae, in éineacht le piseanna agus pónairí, chomh maith le plandaí dúchasacha amhail an t-aiteann (Ulex spp.) agus na peasairí (Vicia spp.).

Tá fosú nítrigine, ina mbaineann na plandaí leas as nítrigin san aer chun comhdhúile nítrigine a tháirgeadh, ar cheann de thréithe na seamar. Saibhríonn an próiseas seo an ithir nuair a lobhann an planda agus mar gheall air seo baintear úsáid as speicis éagsúla seamar mar leasú talún agus mar fhodar do bheithígh.