Grafáin (Sedum)

Is grúpa mór de phlandaí súmhara iad na grafáin. Tá siad go léir sa ngéineas Sedum, a bhfuil beagnach 500 speiceas ann, sa bhfine Crassulaceae. Bíonn bláthanna beaga réaltchruthacha acu. Bíonn dath bán, bándearg, dearg nó buí ar na bláthanna, ag brath ar an speiceas.

Is súmharáin na grafáin go léir, mar gheall ar thréithe na nduilleog. Bíonn siad feolmhar le gur féidir leo uisce a stóráil go héifeachtach, agus is féidir leo dul ar feadh tréimhsí fada gan uisce. Chuige sin, bíonn an-éileamh orthu i dtionscal na garraíodóireachta. Mar gheall air sin, tá roinnt speiceas de ghrafáin gur éalaithigh ghairdín iad ag fás fiáin in Éirinn. Tá trí speiceas de ghrafán dúchasach in Éirinn.