Slánlusanna (Plantago)
Tá na slánlusanna nó na plantáin go léir sa ngéineas Plantago. Bíonn roiséad de dhuilleoga íochtair acu. Bíonn spící fada de bhláthanna beaga bídeacha ag slánlusanna, a phailnítear sa ngaoth. Greamaíonn na síolta d’ainmhithe (agus d’éadach) agus scaiptear an planda go forleathan ar an gcaoi seo.
Tá os cionn 200 speiceas de shlánlus ann agus ceithre cinn acu seo dúchasach in Éirinn. Is é an slánlus (Plantago lanceolata) an plantáin is coitianta in Éirinn. Tugtar ribwort air i mBéarla mar gheall go mbíonn na féitheacha suntasacha ag rith fad na duilleoige.
Fásann an slánlus agus cuach phádraig (Plantago major) ar thalamh féaraigh, ar chosáin agus ar thaobh an bhóthair, ach faightear an slánlus mara (Plantago maritima) agus adharca fia (Plantago coronopus) ar an gcósta.
Bhaintí úsáid as slánlusanna mar chógas leighis, agus bíonn gasúir fós ag imirt an chluiche saighdiúirí leo, agus iad á mbualadh in aghaidh a chéile ag iarraidh an cloigeann a bhaint uathu.