Priomúlaí (Primula)
Tá dhá priomúla dúchasach in Éirinn, an bainne bó bleachtáin (Primula vulgaris) agus crúibíní cait (Primula veris). Tugtar an sabhaircín ar an mbainne bó bleachtáin freisin, agus, sna háiteanna a dhéantar é seo, tugtar an bainne bó bleachtáin ar na crúibíní cait. Tá os cionn 500 speiceas sa ngéineas Primula ar fud an domhain. Aithnítear na plandaí seo go héasca mar go mbíonn roiséad de dhuilleoga rocacha orthu sula bhfásann na bláthanna beaga buí.
Má tá gaol sách gar ag dhá speiceas planda lena chéile, is féidir leo iomadú lena chéile. Tugtar hibridiú ar an bpróiseas seo agus is hibrid a bhíonn sa bplanda a eascraíonn uaidh. Is hibrid é an baisleach bréige (Primula × polyantha) idir an bainne bó bleachtáin agus na crúibíní cait – má fheictear an planda seo i ngarraí, bí cinnte go bhfuil an dá phriomúla eile in aice láimhe.
Cé go bhfuil Primula vulgaris fairsing ar fud na tíre, tháinig meath ar Primula veris in Éirinn agus sa mBreatain ó na 1950idí ar aghaidh, seans de thoradh tionchar na dianfheirmeoireachta. Ceaptar go mb’fhéidir go bhfuil stop curtha leis an meath seo agus go bhfuil líon na bplandaí álainn seo ag méadú arís.