Plandaí Uisceacha
Bíonn plandaí uisceacha tumtha nó ag snámh i bhfíoruisce – i locha, in aibhneacha agus i srutháin. Is iondúil go bhfásann plandaí uisceacha in uisce a bhogann go mall. I measc na bplandaí uisceacha coitianta tá an duilleog bháite bhuí (Nuphar lutea) agus an duilleog bháite bhán (Nymphaea alba) agus duileasc abhann (Potamogeton spp.) éagsúla.
Bíonn tionchar ag plandaí uisceacha ar chaighdeán an uisce ina bhfásann siad. Cuireann siad leis an méid ocsaigine san uisce agus súnn siad cothaithigh le nach mbíonn an iomarca ann. Cobhsaíonn siad an grinneall agus cuireann siad le heiceachórais na ngnáthóg.
Is gnáthóga thar a bheith leoichaileacha iad gnáthógaí uisceacha agus tá sé éasca ag plandaí ionracha nó ag truailliú an chothromaíocht a chur as riocht.