An Neantóg
Urtica dioica
Is ilbhliantóg choitianta í an neantóg a fhásann ar fud na tíre. Tá sé éasca é a aithint mar gheall ar na duilleoga fiaclacha agus an boladh láidir atá uathu. Is planda dé-éicach é an neantóg – tá plandaí baineanna agus plandaí fireanna ann. Is féidir iad a aithint mar gheall go mbíonn cruth difriúil ar na bláthanna beaga glasa.
Taitníonn ithir atá saibhir le nítrigin leis an neantóg. Is maith léi talamh bhriste, agus áiteanna taise atá i scáth na gréine. Bíonn na coinníollacha sin le fáil go minic timpeall ar fhothracha agus áitribh atá tréigthe, agus is ann go minic a fhásann neantóga.
Scaipeann sí le síolta beaga bídeacha agus ag úsáid ríosóim , fréamhacha faoi thalamh a chuireann plandaí óga aníos go rialta, agus is mar gheall ar na riosóim sin a fheictear grúpaí móra neantóga ag fás le chéile.
Plandaí Gaomhara
Fásann an neantóg bheag (Urtica urens), atá sa ngéineas céanna leis an neantóg, ar fud na hÉireann ach níl an planda neamhdhúchasach seo chomh coitianta leis an neantóg. Níl an neantóg bheag chomh hard leis an neantóg choiteann, agus bíonn bláthanna beaga glasa uirthi, in áit caitíní fada.
Tá ribí gruaige géara déanta as silice ar ghas neantóige, agus is furasta iad seo a bhriseadh má chuimlítear iad leis an gcraiceann. Má tharlaíonn sé seo instealltar meascán de néaratharchuradóirí – hiostaimín, aicéitiolcoilín, agus séireatoinin – agus d’aigéid – formach, tartarach agus ocsalach – isteach faoin gcraiceann.
Ceaptar gurb iad na néaratharchuradóirí is cúis leis an bpian agus an t-at a thagann uaidh ‘dó’ neantóige, agus cuireann na haigéid fad leis an tréimhse a mhaireann an phian.
Tá sé deacair ag aon rud ar leith an dó a leigheas mar go bhfuil meascán de cheimiceáin i gceist. Cé go moltar duilleoga ón gcopóg sráide (Rumex spp) a chuimilt den chraiceann, ní léir go bhfuil fianaise ann go n-oibríonn sé seo. Ceaptar go bhfuil plandaí le frith-hiostaimíní, cosúil leis na slánlusanna (Plantago spp.) in ann an t-at a mhaolú.
Tá neantóga tábhachtach d’fheithidí. Bíonn siad níos sábháilte i measc na neantóg mar go seachnaíonn ainmhithe móra cosúil le beithigh paistí móra neantóga.
Cuireann an neantóg bia ar fáil don phéacóg (Aglais io) agus don aimiréal dearg (Vanessa atlanta) dhá fhéileacán ildaite atá coitianta in Éirinn. Beireann siad a gcuid uibheacha ar na duilleoga agus is minic go bhfeictear bratóga óga dubha na péacóige ar dhuilleoga na neantóige, á n-ithe.
Cónaíonn aifidí ar neantóga freisin, agus itheann bóinín Dé agus éanacha, go háirithe meantáin ghorma agus éanacha beaga eile, na haifidí. Tá an-tóir ag éanacha ar na síolta freisin.














