Giúnaigh

Cé go bhfuil giúnaigh sa bhfine chéanna, Juncaceae, le luachair, is níos cosúla le féara a bhreathnaíonn siad. Ar nós féar, bíonn duilleoga fada líneacha acu. Is minic go bhfaightear na hilbhliantóga seo ag fás i ngnáthóga taise cosúil le coillte agus portaigh ar fud an Leathsféir Thuaidh. Tugtar wood-rushes orthu i mBéarla agus tá siad go léir sa bgéineas Luzula.

Scaipeann siad ag úsáid ríosóim faoi thalamh, a chuireann meatháin aníos go rialta. Mar sin, is minic go gclúdaíonn giúnaigh achair mhóra de thalamh. Cuireann siad bláthanna beaga glasa, donna agus buí amach san earrach. Is í an ghaoth an príomhmodh pailnithe a bhíonn ag giúnaigh, ach scaipeann feithidí beaga cosúil le seangáin an phailin freisin.

I measc na ngiúnach is coitianta in Éirinn tá an giúnach mór (Luzula sylvatica) a fhásann i gcoillte, an giúneach léana (Luzula campestris) a fhásann i ngarrantaí féir agus i ngairdíní, agus an giúnach caoráin (Luzula multiflora) a fheictear ar thalamh portaigh.