Féir

Tá timpeall 12,000 speiceas d’fhéar ann, tá gach ceann acu sa bhfine Poaceae, agus tá tréithe i gcoiteann acu go léir. Bíonn gais chuasacha acu. Bíonn nóid ar na gais as a bhfásann duilleoga líneacha. Bíonn bláthanna beaga acu a bhíonn pailnithe ag an ngaoth.

Is ó íochtar an ghais a fhásann féar, seachas óna bharr, mar a dhéanann formhór na bplandaí. Mar sin, fásann sé go tapa tar héis a ghearrtha nó má bhíonn ainmhithe á innilt. Níl loisceadh in ann mórán dochar a dhéanamh ach an oiread. Is é an modh fáis seo an chúis go bhfuil féara ar cheann de na cineálacha plandaí is rathúla ar domhan agus cuimsíonn siad cuid de na gnáthóga agus éiceachórais is mó ar an bplainéad. In Éirinn, ní fhásann féara  i ngarrantaí féir amháin. Fásann féara cosúil leis an bhfionnán (Molinia caerulea) ar an bportach, an ghiolcach (Phragmites australis) i riasca, agus an mhuiríneach (Ammophila arenaria) le cladach.

Tá speicis fhéara ar leith, cosúil le cruithneacht, rís, coirce agus arbhar, criticiúil do shlándáíl bhia an chine daonna. Chomh maith leis sin, cobhsaíonn na fréamhacha dlútha créafóg, agus soláthraíonn siad gnáthóga tábhachtacha do phlandaí agus ainmhithe eile.